School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 906

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 906

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 906
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní caitheadh na daoine bróga fadó go dtí go mbiodh siad cun pósadh, ach anois cuireann siad bróga ar na leanbhaí nuair a bhíon siad ábalta ar siubhal. Bíonn cuid eile aca ná cuireann bróga ortha go mbíonn siad ag dul ar sgoil. Tá cúpla ban sa ceanntar seo agus ní cuireann siad aon bróga ac amhaín an Domhnac, agus tá mná ann ná cuireann aon bróga ortha ag dul go dtí an tAifreann go dí go dtagann siad inaice an tSraíd bhaile. Bhí fear i Daingean agus níor caith sé bróg riamh. Bhí fear eile i mBranndán agus níor caith sé bróg riamh. Tomás Ó Súilleabeaín ab ainm do. Bhíodh sé ag dul gach lá go Tráighlí le h-amperín eísc. Theígheadh sé ann i trí úaire. Bhí sé ag teacht abhaile ó Tráíghlí lá agus an h-amperín beag ar a dhrom. Chuir sé geall le lucth phuist agus dhá capall aca fé gingel, go mbeadh se sa Camp rómpa agus do bhí. Bíonn na scoláirí go léir sa ceanntar so cosnochtaithe sa tSamhradh anois. Fadó bhíodh siad cosnochtaithe sa geimhreadh leis ach amháin aimsear an tseaca. Tá cúig greásaidhthe sa ceanntar seo anois. Deirtear go bhfuil an greásaidheacht ó dúthcais ag muíntir Ó Néill ó Clochán. Bhí fear eile i mBreándán dar ab ainm do Loíngsigh agus hí dúthcais an greasaidheacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Maitias Ua Dúbhda
    Gender
    Male
    Address
    Baile na Leacan, Co. Kerry
    Informant
    Seamus de hÓra
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Baile na Leacan, Co. Kerry