School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 783
- XML “Buailín an Chrú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sagart sa pharóiste seo fadó gurab é ainm a thugadh na paróisteanaigh air ná Seán bráthair Ó Chonchubhair. Maidin Dé Luain bhí sé á bheárradh féin agus thuig sé nár cheart é dhéanamh Dé Luain.
Lá ar na máireach cuaidh sé cun faoisdin agus d'innis sé do'n sagart gur bheárr sé é féin Dé Luain agus cheap sé nár cheart é dhéanamh an lá san. Ní thabharfadh an tsagart aspolóid dó mar gheall ar géilleadh do phiseóga seana mná. Chuir an sagart é go dtí Cill Áirne a triall ar an Easbog. Ní thabharfadh seisean aspolóid ach cómh beag agus chuir sé go dtí an Árd Easbog é. B'é an sgéul céadna é ag an Árd Easbog agus chuir seisean é go dtí an Papa san Roimh. Seadh, d'innis sé a sgéul do'n Phápa. Dubhairt seisean leis dul ar a lóisdín go dtí an maidin agus teacht tar nais lá ar na máireach. Nuair a chuaidh sé a'triall ar an bPápa d'órduigh seisean dó dul amach sa gháirdín agus gach aon nídh a chífeadh sé é thabhairt fé ndeara go maith agus an t- iogantas ba mhó a chífeadh sé é innsint dó féin nuair a thiocfadh sé isteach. Níor thug sé ionghantas ba mhó ar aon nídh ná ar nead a chonnaic sé go raibh seacht gcinn d'uibhe innte -(continues on next page)A more recent version of this transcript is awaiting approval- Collector
- Cáit Ní Dhúbhda
- Gender
- Female
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Séamus de hÓra
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry