Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 629

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 629

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 629
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    24) Beatha dhuine a thoil
    25) Is minic dubhchan mór ar bheagán feathrainne
    26) Má's cam díreach an ród sí an t-slighe mhór an aithgiorra

    27) An rud a bhíos ins an bhfuil is deacair é bhaint as an bhfeóil

    28) Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn an luch ag rinnce
    29) Is furasta fuint (fuinneadh) in-aice na mine

    30) Ná sanntuigh cailín Domhnaigh agus ná trostuigh caora Fóghmhair

    31) Is minic a bhain duine slat a bhuailfeadh é féin
    32) Nuair a bhíos an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh
    33) Is feárr an t-sláinte ná na táinte ar chnoc
    34) Is ait an mac an saoghal
    35) Is maith an mac an saoghal
    36) Níor thaínig olc idtír nach feairrde duine éigin
    37) Tosach maith leath na h-oibre
    38) Droch thosach gníos críochnughadh maith
    39) Is feárr beagán de'n ghaol ná mórán de'n charthannas
    40) Is furasta fuileadh ar cheann carrach
    41) An té buailtear sa mullach bíonn faitchíos air
    42) Is námhaid í an cheird gan a fóghluim
    43) Is maith an fear é an faitchíos

    44) Leag biadh ag duine beó agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó

    45) Is glas iad na cnuic i bhfad uainn
    46) Ní thagann an duilleabhar ar chrann a críonas is ní thagann an óige fá dhó choidhche

    47) (-)
    48) Ní sníomhfar an breídín mara dtiubharfaidh tú taé do na mnáibh

    49) Ní'l olc i dtír nach feáirrde duine eígin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe