Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí mórán piseóga ag na daoine mar gheall ar gach aon nídhe go mór mhór mar gheall ar déanamh ime agus ag goid ime as an mheidir nuair a bhíodh siad ag déanamh na cuiginne. Dá dtiochfadh aoinne isteach fhaid is a bhíodh na sean daoine ag déanamh ime cuireadh siad graine salainn san mheidir, agus da dtiochfadh fear oibre isteach chun a phíopa do lasadh ní thabharfad siad aon griosach ná cipín solais fhaid is a mbíodh siad ag déanamh na cuiginne, agus dá dtiochfadh fear isteach bheadh air greas do bualadh roimis fágaint an tigh dó.Deineadh siad na rudaí sin go léir ar eagla go ngoidheadh an duine eile a gcuid ime uatha. Deireann na sean daoine gurb é an tslighe a ngoideadh siad an t-im, ná go rachad siad isteach i dtigh éiginn agus go mbíodh siad ag caint agus dá mbíodh an draoidheacht acu go rachad siad suas chun na teine agus go lasadh siad a bpíopaí agus go sleamhnochadh siad amach annsan bheadh cuid ime an duine eile le'n a gcuid féin.Bhí fear i gCúil agus lá amháin bhí sé ag déanamh ime agus tháinig fear éiginn isteach chuige agus bhíodar ag chaint agus tar éis tamall chuaidh an fear eile amach agus lean fear a tíghe ar an obair acht ní raibh sé ábhalta ar aon ím do bhaint as.Innis sé do ceann de's na cómharsanaibh é agus d'iarr an cómharsan air ar tháinig éinne isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchubhar
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry