Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tseana shaoghal do bhí na daoine go léir ana bhocht agus ní raibh ag gach ceann aca acht cúpla ba. Do bhí fear i gCurrach Beag agus bhí sé pósta agus bhí beirt mac aige. Bhí sé go fíor bocht agus bhí trí cinn de buaibh aige.
    Do glanadh sé tígh na mbó gach aon maidin agus do chuireadh sé luachar isteach ann. Do dhéineadh sé cuigeann dhá uair sa mhí agus uair amháin nuair a bhí sé á dhéanamh do thánaig bean uasal isteach agus do bhuail sí an chuigean.
    Annsan do chuaidh sí amach as an dtigh agus do lean an fear agus a bhean ag bualadh na cuigine ar feadh an lae go éir agus níor thánaig aon im ar an gcuigeann.
    Lá ar na mháireach do thánaig bean eile isteach agus d'innis an fear di mar gheall ar an gcuigeann agus dúbhairt sí leis braon beag de uisge beannuighthe do chuir isteach san gcuigeann.
    Do dhein an fhear bhocht amhlaidh agus taréis uair a chluig nú mar sin do thánaig ím ar mbainne agus bhí áthas ar an bfear nuair a chonnaic sé é.

    Cáít Ní Mhurchadha
    Baile an tSéípéil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Chapeltown, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tinnies Lower East, Co. Kerry