Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fear ó'n oileán seo go dtí an Dánmharg agus chuaidh sé go dtí tigh Danair, agus dúbhairt an Danar leis go raibh fhios aige féin gurb Éireannach é mar go n-aithneóchadh sé é le'n a anál.Annsan dúbhairt sé le'n Éireannach dul go dtí lios ard i dTeinnibh in Oileán Dairbhre agus go bfaghadh sé luch bán agus rásúr ann.Chuaidh an fear agus fuair sé iad díreach mar a dúbhairt an Danar leis agus thug sé thar-nais do'n bhfear iad agus bhí sé ana bhuidheach dó.Chuir sé an luch ag beirbhiú, agus nuair a bhí sé beirbhithe thug an Danar cuid de do'n Éireannach agus nuair a bhí sé ithte aige bhí fhios aige ar gach lios in Éirinn 'na raibh ór i bfolach ionnta, agus annsan dúbhairt an Danar leis, "Tá eólas agat anois ar gach áit 'na bfaghfá ór ann.
"Tá" arsa an t-Éireannach.
"Anois" arsa an Danar, "Ól cuid d de'n anbhruith (?) seo agus beidh níos mó eólais agat."
D'ól sé é agus annsan d'imthigh an méid eólais a bhí aige uaidh.
"Anois" arsa an Danar "Níl aon eólas agat."
"Níl" arsa an t-Éireannac.
Annsan dúbhairt an Danar "Ní fhéadfadh mo chuid fola tú bheith ábalta ar na h-áite sin d'aithint ach tabharfaidh mé airigead do dhóthain duit agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry