School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 289
- XML “Bia sa tSean-Am”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scála agus a bhrúghadh, grainín plúir a chur ionnta agus braon bainne agus iad a bhácáil annsin.
Le h-aghaidh boxty préataí fuara nár bruitheadh ariamh ata ag teastáil. Caithfear iad a nigheadh agus annsin iad a scríobadh i n-éadann cláir ghairbh de stáin; Clár bocsa stáin deanfadh sé gnaithe, agus an clár a pholladh le tairnge. Mur sin bíonn an clár gaobh. A bheith ag scríobadh agus a sgríobadh go raibh oiread préataí scríobtha agus bhéarfadh tráth do gach duine. Tá gráinín plúir a dhith fosta i n-amannaibh. Tá an cineál seo bidh blasda nuair ata sé bácáilte, má tá im fairsing. Fadó ní rabh im ann, b'éigeann dóibh ithe tur.
"Cáithbhruith" béile eile a bhí leitideach fadó. Is mór a chuaidh sé as úsáid. Chaithfeá a dhul 'un a' muilinn agus an cháith a thabhairt leat 'un a' bhaile. Is é an rud ata insan cháith an cumhdach atá taobh amuigh de'n biadh gheal insan choirce nó ins an chruinneacht, agus taobh istigh de'n lochán. Cuirtear an cháith ar maothas ar feadh cupla lá. I ndeireadh an ama sin ta sé géur. Cuirtear ar an teine annsin é, agus bruitear é cosamahil le bracán. Tá an blas géur acht tá an biadh folláin, agus(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal