School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 269
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cogadh na Talmhan i g.Cloich Cheannfhaolaidh
    Rinneadh príosúnach de'n Atháir Mac Stiopháin. Cuireadh isteach ins an bheiric ar an Fhálcarrach é, agus tugadh go príosún Dhoire é lá ar n-a bhárach. Ar lá na cúirte ar an Fhálcarrach tugadh ar ais go d-tí an Fálcarrach é. Fiachadh annsin é ag an Chúirt Dúithche ( Petty Sessions) roimh Uilic de Búrca R.M. agus is é an breithamhnas a tugadh air ná sé mhí de phríosúntacht. Thug an sagart urramach-Athair Mac Stiopháin- go d-tí cúirt níos aoirde é i Leitir Ceanainn. na Seisiúin Ráithemhail a bhí ann, agus d'éirigh leis téarma an phríosúntachta a ísliúgadh go d-tí cúig mhí. Chuir sé an príosúntacht isteach i nDoire Cholm Cille.
    Tamall goirid i n-a dhiaidh sin rinneadh príosúnaighe de dhá chloiginn déag de'n mhuintir a bhí in a g.ceann-urraidh ar an mhór-shiubhal a bhfuil trácht deánta agam air roimh ré sa leabhar seo. Imeasg na b-príosúnaighe seo bhí Seán Mac Aoidh agus a dhearbhráthair Donnchadh, Muiris Fearradhaigh, Micheal mac Aoidh, Micheál Ó Dubhchoin. as Druim na Teineadh. Domnall Ó Brógán as Baile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mághnus Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Baile Chonaill, Co. Donegal