School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 167
  3. XML “Ceol Loch Oidhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceol Loch' Oidhe.
    Sean-fhocal a chuala mé agus chreidfeas mé i gcomhnuidhe,
    Gach aon ariamh mar a oiltear é a's an fhuiseóg ins an mhónaidh;
    Cé bith tír a rachaidh mise ná a mbéidh mé ann mo chomhnuidhe,
    Béidh mo chroidhe ag bruach Loch' Oidhe 'stigh i lár na sléibhte móra.
    Tá dhá oileán ar an loch bheag seo comh deas a's tá in Éirinn,
    Tá an loch 's an ghé a's nead acu faoi thom-bhláth ghorm fraochlaigh,
    Go mbfearr liom bheith ag iasgaireacht breac geal uirthí sa tséasúr,
    Ná bheith i gcaisleán thall i Sasain ag na h-uaisle uilig ar féasta.
    Ó'n chnoc árd ghlas taobh thall de'n loch tá'n t-amharc aoibhinn áluinn,
    Na luingis ag teacht ar fairrge ó Dhoire 'steach go Málainn;
    Ag siubhal annsin ab'áite liom ó mhaidin go dtí'n oidhche,
    'Snach smaointeóchá ar an pheacadh leis na h-uain bheaga óga ag gaoibheal.
    Ar an taoibh i bhfos tá'n míodún glas ó'n uisge go dtí'n bóthar,
    Tá fás gach uile sheóirt annsin 's tighthe deasa comhnuidhe;
    Seinnidh an chuach i dtús an tsamhraidh ann ó mhaidin go tráthnóna,
    Tá an eala 'gus an fhaoileann, an londubh 's an chorr-mhónadh.
    'S iomdha maidin shamhraidh a d'éirigh mé in m'óige,
    Ag éisteacht leis na h-éanachaibh ag deánamh a gcuid ceóil binn;
    Iad ag gol ó thom go tom ag eiteallaigh go ceólmhar,
    'S a nguth lán binn ag teacht faoi dhuilleabhair glas na gcrannaibh óga.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Caitlín Bean Uí Chonáin
    Gender
    Female
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal