School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 157
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí triúr fear ann am amháin. Éireannach, Albanach agus Sasanach. Oidhche amháin ba mhaith leis na fir seo deoch uisge beatha a fhaghail, acht ní rabh airgead ar bith aca.”
Sgéul
Bhí tríur fear ann am amhain. Éireannach, Albanach agus Sasanach. Oidhche amháin ba mhaith leis na fir seo deoch uisge beatha a fhaghail. Acht ní rabh airgead ar bith aca. Chuaidh an t-Éireannach isteach i dteach tabhairnne agus diarr sé deoch uisge beatha. Chrom fear an t-siopa síos fá choinne an uisge beatha. Bhí moncaigh ar an tábla agus thug an t-Éireannach buille dó agus leag sé an mhoncaigh. Chuir fear an t-siopa ceist air cad fath gur leag sé an mhoncaigh agus dubhairt sisean gur fhág sé púnta ar an tábla, agus gur ith an mhoncaigh é. Dubhairt fear an t-siopa go dtabhairfeadh sisean dó an briseadh. D'innis an t-Éireannach dón Sasanach an rud a rinne sé, agus chuaidh an Sasanach isteach siopa eile agus rinne sé an rud ciadna. Chuaidh an t-Albanach isteach agus diarr sé uisge beatha. Chrom fear an t-siopa síos fá choinne an uisge beatha. Bhí moncaigh ar an tábla agus thug an tAlbannach buille do agus leag sé é. Goidé bhí ann acht moncaigh gloine. Chuir fear an t-siopa ceist air cad fáth go dtearn sé sin agus dubhairt sisean gur fhágh sé púnta air an tábla agus gur ith sé é. Coidé bhí ann acht mongaich gloine agus briseadh é. Cuireadh isteach ins an phríosún annsin é.- Collector
- Máire Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal