School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 193

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 193
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí triúr inghin aici. Bhí siad iongantach bocht agus chá rabh a dhath aca le h-ithe.

    Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí triúr inghin aici. Bhí siad iongantach bocht agus chá rabh a dhath aca le h-ithe. Lá amháin d'iarr an mháthair ortha a dhul agus a gcuid a shaothrughadh. Nuair a bhí siad ag imteacht rinne an mháthair dhá thoirtín, toirtín mór mo mhallacht agus toirtín beag mo bheannacht. Thug an dá inghin leobhtha toirtín mór mo mhallacht. Nuair a bhí siad ag imtheacht, chonnaic Máire na gCearc iad ag imtheacht. Dubhairt sí go rachfadh sise fosta. Cha rabh na ingeanacha sásta í a leigint. D'imthigh an da inghin i nganfios do Mháire na gcearc. Nuair a d'amharc na ingeanacha thart chonnaic siad na ndiaidh í. Bhí cliath fuirste na luighe ar an talamh agus cheangail siad de'n chliath fuirste í, agus siubhal siad leobhtha giota eile nuair a d'amharc siad thart arais.
    Bhí sí ag tarraingt an cliath fuirste na diaidh. Tamall na diaidh sin nuair a bhí siad ag gabhaibh thart ag séapal agus cheangal siad de'n gheafta i. Acht nuair a d'amharc siad thart arais chonnaic siad í ag tarraingt an tseipéil na diaidh. Rinne siad amach annsin nach rabh maith a bheith léithe. Shiubhal an triúr leobhtha píosa maith. Nuair a bhí an oidhche ag teacht chonnaic siad solus i bhfad uatha agus i ndeas dobhtha. Tharraing siad air. Nuair a tháinig siad fhad leis an teach, chuaidh siad isteach. Bhí bean annsin agus a triúr inghin fhéin. Chuir bean de na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1119: The Ogre Kills his Own Children
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Chumhaill
    Gender
    Female
    Address
    Ráith, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Cumhaill
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Ráith, Co. Donegal