School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 261
  3. XML “Cogadh an Talún i gCloich Chionnaola”
  4. XML “Lá na mBataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá na mbataí
    Bhí a fhios ag an Riaghaltas agus ag a cuid seirbhíseach gur bh'é an t-Athair mac Stiopháin a bhí ag coinneál suas an troda, agus dá d-tiocfadh leó eisean a chur as an chasán nach mbeadh moill roinnt leis na daoinibh. coitcheannta. Mar sin de thainic saighdiuraí dubha ( constáblaí) as an bheiric ar an Fhalcarrach le príosúnach a dheanamh de. Tháinic cuid mhór constáblaí eile as Leitir Ceanainn, agus DúnFionnachaidh le cuidiú leó. Anoir a thainic an t-iomlán d'á d-tainic. Chuir siad futha in gach teach taibhirne ar an Fhálcarrach. Tá seacht g-cinn de na tighthe sin ann anois. Bhí ceann eile i.e ochtar san an sin. Chuir siad futha de réir mar bhí aít agus fairsingheacht doíbh le fághail ionnta. Nuair a chualaidh muintir na h-áite goidé ádhbhar a d-teachta chuir siad fógraí agus teachtairí amach le sgéala.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir