School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 267
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biadh na sean-aimsireTrí tráth bidh d'iosfadh na daoine oibre fadó. An briocfasta a bhiodh mar ainm ar an chéad tráth ar maidin. Sul a bhfuighfeadh duine a bhriocfasta bheadh aige le bheith ag obair ar feadh dhá uaire roimhe sin. Ag an h-ocht a chlog a badh ghnáthach leis an bhriocfasta bheith ann. Bheadh na daoine ag obair ón sé a chlog. Ins an t-samhradh ba ghnáthach leis na daoinibh a dhul go d-tí an portach fá choinne lód mónadh agus an mhóin a bheith sa bhaile ar ais leó sul a bhfuighfeadh siad aon ghreim le h-ithe.
Bhéadh siad "ar an chéalacán" nó " ar na céalanna" , a deúrfadh siad. Préataí a bhíodh aca. im agus bainne ramhar. iochtar bainne nó bláthach.Sin an chéad rud. I n-a dhiaidh sin gheobhadh siad ceapaire de arán mine coirce agus gugán de bhainne mhilis. Bhí ag na fir annsin le toiseacht ar obair an lae dáiríribh. Bhéadh an dinnéar aca i d-ráthaibh an dó a chlog. Préataí, im agus bainne a ba ghnáthach a bheith ag na daoinibh a rabh dóigh mhaith orra. agus a rabh a sáith de'n t-saoghal aca. I n-áit ime agus bainne ní rabh ag na daoine bochta acht préataí agus "scadán caoch"
Is é an rud do bhí ins an scadan caoch gráinín(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal