Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 181
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Léigheasanna.Truich 1. Deán réidh giota beag de arán míne choirce agus fágh asal agus tabhair an t-arán don asal annsin le h-ithe, agus cuir an duine a bhfuil an triuch air faoi an asal trí h-uaire. Annsin iosfaidh an duine a bhfuil an triuch air na greabhrógaí a thuiteas amach as béal an asail agus béidh biseach air.Caithte 2. Bhearfaidh tú leat aibhleóg agus an maide briste agus fág an aibhleóg shuas ag béal na bó. Annsin le do sgiathán gheibh tú a miosiúr ó na ruball shuas go dtí a bhéal trí h-uaire. Annsin gheibh tú an aibhleóg síos faoi an bhó agus thart ar a mullach trí h-uaire. Annsin cuir thart ar a cosa deiridh trí h-uaire í agus ar a cosa tosaigh trí h-uaire. Annsin bris an aibhleóg ag béal na bó.Déideadh 3. Tá tobar beag shuas i g-Cul a Chnuic shuas in Doire Uí Fhrigil agus nuair a bhíos an deidheadh ort braon beag de'n uisge a chur isteach 'san fhiachal agus annsin béidh sé léigheasta.Faithní. 4. Má tá faithne ort áit ar bith agus tú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eilís Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal