Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Dilín na mBacach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dilín na nBacach
    An Bacach ag teacht go dtí'n doras
    "Go mbeannuighidh an Rí agus Pádraig annseo, Colmcille agus Eóin baiste, Peadar agus Pól do chlúdach a bhean a tighe. tá mise ag teacht leis an trí gara is feárr a tháinig i dtír in aon áit ariamh- na gara guidhe, na gara paidreachta agus na gara beannactacha. Déan an déirc mar súil gurabh é a chuideachas leat ar mhuir agus ar tír, in domasach agus i gcréafóig, i sráid agus i ngarraidh, mar shúil go mbeadh do thubaiste ar an bhóthar chaim, ar an leic úd thíos Mhic Dhonnachaidh mar bhíos an crann a bhíos cruinn ar maidin agus úr glas tráthnóna. Dearc ar an fhear uar chur anuraidh agus 'nar bhain imbliadhna, gan cur earraigh gan baint fhóghmhar, gan bean, gan clann, gan luth, gan lúthgháir, gan láthair, gan mháthair".
    Arsa bean a tighe
    " Níl annseo acht trí sreamaidigh gamhnacha, trí sramaidigh cait ag diúl ortha. Ní inde, indiu ná imbárach a bhlightear iad acht ag an uair tráth, agus má fhanann tú le braon de gcuid bainne gheóbhaidh tú é."
    An Bacach
    " An áit a gcastar cailleach leisg, lom, leisceamhail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. deilín na mbacach (~23)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic a' Seachlainn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall