School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 251
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An t-aonach bhí ins an áit seo fadó coinnigheadh é thíos ag Baile an Easa, timcheall leath-mhíle taobh thiar de'n Fhálcarrach. Bhí punta annsin (a pound) agus is ann a ba ghnáthach leis an aonach a bheith. Timhceall dhá sgór bliadhain ó shoin d'áthruigheadh an t-aonach sior go dtí an Fálcarrach. Ní ins na bailte móra a bhiodh na h-aongaighe uilig fadó. An áit a bhfuil an t-aonach ar an Fálcarrach anois beirtear "Pont an Eallaigh" air, agus i n-amannaibh "Pont an Mhargaidh." Tá balla thart air, agus tá geabhta ag dul isteach ann faoí láthair. Ní rabh an geabhta ann go dtí cupla bliadhan ó shoin. Tá timcheall ceathramha acra de thalamh ins an pont: ní dhíoltar a dhath ann acht eallach. Díoltar eallach de gach cineal ann; acht ní dhioltar an t-eallach uilig ann. Ní bhíonn caiple, muca, banbáin nó caoirigh insan phont. Fuair sé an t-ainm "Pont an Eallaigh " mar gheall ar seo.
    Gidh go ndíoltar cuid mhór eallaigh ar an aonach téidheann ceannuigheothairí ó thigh go tigh go mion minic roimh gach aonach ag ceannacht stuic. Comhartha é seo go bhfuil ceannacht maith ar stuic san am. Rinneadh an rud céadna fadó, acht tá na h-aontaighe níos mó anois, ná bhí siad san am sin. Tig ceannuigtheóirí as Tearmoinn, Letir Ceanainn, Galloglach, Druim Bolg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Daithí Mac Seáin
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
    Informant
    Liam Mac Gabhann
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Caisleáin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    An Dún Mór, Co. Donegal