School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tionóntaidhí a chuirfeadh múnadh orra, agus a bheirfeadh orra a ndualgáisí a choimhlionadh agus an chíos a dhíol. Phill an bheirt seo chuig an chruinniughadh annsin agus d'innis do'n Athair Mac Stiopháin agus do n-a gcuid comrádaidhí an freagra a fuair siad. Bhí órdú aca dá dtabharfadh an t-Agent isteach do'n locaiste de 3/6 sa £1 a thabhairt do na tionóntaidhí go gcaithfeadh an t-socrú sin a bheith sgriobhtha síos faoi n-a láimh ag an bheirt fhear a d'imthigh chuige ar an teachtaireacht.Nuair a chualaidh lucht an chruinnighthe goidé mar bhí thug siad uilig an chíos do'n Athair Mac Stiopháin. Sin an cíos ar ghnáthach leo a dhiol leis an tighearna. Thug an sagart an locáiste 3/6 sa £1 dóibh; agus choinnigh sé an chuid eile. Chruinnigh sé cíos gach duine faoi an Olfartach ar an dóigh seo, thug dóibh an locáiste. Ba fá Dheireadh Foghmhair a ba cheart an chíos a thabhairt do'n tighearna annseo san am sin.Thosuigh an Cur Amach (Evictions) tamall in-a dhiaidh sin. Cuireadh tús orra sa bhliadhain 1889. Sul ar cuireadh na(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir