School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Éanlaith mar fhaisnéis ar an Aimsir.1. Na fáinleóga a bheith íseal agus árd insan spéir gach dárna bomaite, i.e. a bheith árd ins an spéir agus annsin ag teacht le tuslóg amháin go d-tí bárr an uisce nó comhgarach go d-tí an talamh agus go h-árd ins an spéir ar ais sin comhartha fearthanna.
2. Na préacháin agus na faoileóga a bheith ag sgréachaighil agus ag dul i bhfiadhain ins an aer sin comhartha fearthanna.
3. An cat i n-aice na teineadh sin droch-comhartha doininne.
4. An madadh a bheith ag ithe as tumóg féir comhartha go bhfuil áthrú aimsire ann.
6. Glug i mbolg an mhadaidh comhartha droch-aimsire.
7. Na ba bainne a bheith doiligh a chur isteach tráthnóna samhraidh comhartha go bhfuil stoirm agus tuilleadh fearthanna ag brughadh orainn.
8. Na míoltógaí agus preabairí uisce a bheith go h-iongantach géur i n-am sádhbháil féir nó monadh sin comharthai fearthanna.
9. Na h-easóga a bheith ag rith go coitcheannta agusa bheith fairsing le feiceál sin comhartha fearthanna agus stoirme.- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir