School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 259
  3. XML “Cogadh an Talún i gCloich Chionnaola”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an bhliadhain 1887 cuireadh ball / brainse de Chomhlucht na Talmhan ar bun i gCloich Cheannfhaolaidh. Toghadh coisde de'n chomlucht sin le obair an chumainn a iomchur amach. Tionóladh cruinniughadh de'n chuman seo fá Shamhain 1887 ins an t-seomra a bhí fá choinne na h-ócáide, faoi stiúradh agus ar órdú an Athar Mhic Stiopháin (Fr Stephens). Bhí tionóntaidhí an Olfartaigh uilig cruinn ann. Cuireadh an rún seo roimh a rabh i láthair: "Nach ndíolfadh na tionóntaidí aon chíos leis an tighearna - an t-Olfartach i bhí in a chomhnuidhe i mBaile Uí Chonaill an áit a bhfuil an Choláisde Brighde anois - go dtí go dtabharfadh sé locáiste de 3/6 sa £1 dóibh. Bhí na báirr olc, agus ní rabh teacht isteach ag na daoinibh. Chuir an cathaoirleach a bhí ar an cruinniughadh - an t-Athair Mac Stiophain - beirt fhear chuig Seóirse Mac a' tSeachlainn (George Houston) i.e. agent an Olfartaigh - ag iarraidh an locáiste 3/6 sa £1 air. Ba é an bheirt fhear a bhí ann Seán Mac Aoidh as an Baile Úr, Baile Uí Conaill agus Pádraic Mac Fhionnghaile as Baile an Easa. Chonnaic siad an t-agent in a oifig; chuir siad a ngnaithe i n-iúl dó, agus sé an freagair a thug sé orra go gcuirfeadh sé cioth próistí chuig na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir