Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 289

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 289
  3. XML “Bia sa tSean-Am”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    scála agus a bhrúghadh, grainín plúir a chur ionnta agus braon bainne agus iad a bhácáil annsin.
    Le h-aghaidh boxty préataí fuara nár bruitheadh ariamh ata ag teastáil. Caithfear iad a nigheadh agus annsin iad a scríobadh i n-éadann cláir ghairbh de stáin; Clár bocsa stáin deanfadh sé gnaithe, agus an clár a pholladh le tairnge. Mur sin bíonn an clár gaobh. A bheith ag scríobadh agus a sgríobadh go raibh oiread préataí scríobtha agus bhéarfadh tráth do gach duine. Tá gráinín plúir a dhith fosta i n-amannaibh. Tá an cineál seo bidh blasda nuair ata sé bácáilte, má tá im fairsing. Fadó ní rabh im ann, b'éigeann dóibh ithe tur.
    "Cáithbhruith" béile eile a bhí leitideach fadó. Is mór a chuaidh sé as úsáid. Chaithfeá a dhul 'un a' muilinn agus an cháith a thabhairt leat 'un a' bhaile. Is é an rud ata insan cháith an cumhdach atá taobh amuigh de'n biadh gheal insan choirce nó ins an chruinneacht, agus taobh istigh de'n lochán. Cuirtear an cháith ar maothas ar feadh cupla lá. I ndeireadh an ama sin ta sé géur. Cuirtear ar an teine annsin é, agus bruitear é cosamahil le bracán. Tá an blas géur acht tá an biadh folláin, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mághnus Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall