School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 241
  3. XML “Teampall Ráithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Teampall Ráithche
    Ar an taoibh thiar de'n Pharoiste seo tá cnoc beag a bheirtear Cnoc na Naomh go fóill air. Tá scoil náisiúnta ann. Tá Toraigh ar a aghaidh amach agus deirtear gurbh'é an fáth ar báisteadh Cnoc na Naomh air, mar gur ar an Chnoc seo a shocruigh ceathrar naomh an roinnt a dheanfadh siad ar an cheanntar leis an Chreideamh Fíor a chraoibhsgaoileadh ann. Badh é an t-am a bhí ann i d-tráthaibh an bhliadhain 540. Ghlac Columba Toraigh, Fionán chuaidh sé go Ráithche agus an ceanntar thart fá d-taoibh de'n bhaile sin, chuaidh Beigbhile thart fá Thullach Ua Beigbhile agus chuaidh Naomh Dubhthaigh go h-Inis Dubhthaigh. Bheirtear paróiste Ráithche Muintire Domhnaigh ar an áit a fuair Naomh Fionán go d-tí an lá indiú agus is é Naomh Fionán patrún na h-Eaglasie Caitilicighe insan áit ar an bhaile - Ceathramha Ceanainn. Is é Naomh Fionán a thóg an mainistreach i Ráithche. Tá baile - Muigh-Ráth - comhgarach do'n bhaile Ráithche. Ba do shiolradh Conall Gulban an naomh oirmhidhneach seo. An teampall a thóg Naomh Fíonán cuireadh suas é ins an áit a bhfuil an roilig i Ráithche faoi láthair. Is ins an teampall seo a cuireadh tús ar an Turas go h-Eas Fíonáin do réir úghdarás an duine is sine agus is siosmaidighe beó go fóill i.e. Seán Mac Aoidh as an Bhaile Úr, fear atá i n-aois a sheacht mbliadhain agus ceithre
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Ándras Ó hEarcáin
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Ráith, Co. Donegal
    Informant
    Sean Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    86
    Address
    An Baile Úr, Co. Donegal
    Informant
    Séumas Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal