Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 241
- XML “Teampall Ráithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teampall RáithcheAr an taoibh thiar de'n Pharoiste seo tá cnoc beag a bheirtear Cnoc na Naomh go fóill air. Tá scoil náisiúnta ann. Tá Toraigh ar a aghaidh amach agus deirtear gurbh'é an fáth ar báisteadh Cnoc na Naomh air, mar gur ar an Chnoc seo a shocruigh ceathrar naomh an roinnt a dheanfadh siad ar an cheanntar leis an Chreideamh Fíor a chraoibhsgaoileadh ann. Badh é an t-am a bhí ann i d-tráthaibh an bhliadhain 540. Ghlac Columba Toraigh, Fionán chuaidh sé go Ráithche agus an ceanntar thart fá d-taoibh de'n bhaile sin, chuaidh Beigbhile thart fá Thullach Ua Beigbhile agus chuaidh Naomh Dubhthaigh go h-Inis Dubhthaigh. Bheirtear paróiste Ráithche Muintire Domhnaigh ar an áit a fuair Naomh Fionán go d-tí an lá indiú agus is é Naomh Fionán patrún na h-Eaglasie Caitilicighe insan áit ar an bhaile - Ceathramha Ceanainn. Is é Naomh Fionán a thóg an mainistreach i Ráithche. Tá baile - Muigh-Ráth - comhgarach do'n bhaile Ráithche. Ba do shiolradh Conall Gulban an naomh oirmhidhneach seo. An teampall a thóg Naomh Fíonán cuireadh suas é ins an áit a bhfuil an roilig i Ráithche faoi láthair. Is ins an teampall seo a cuireadh tús ar an Turas go h-Eas Fíonáin do réir úghdarás an duine is sine agus is siosmaidighe beó go fóill i.e. Seán Mac Aoidh as an Bhaile Úr, fear atá i n-aois a sheacht mbliadhain agus ceithre(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Ándras Ó hEarcáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Ráith, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séumas Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall