School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 240
- XML “Scálán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Scálán: ar leanamhaint
leigint amach is isteach. Cuir se bail úr ar an altóir. Cárnán cloch atá ins an altóir, tá sé deanta cruinn. Suidhthe suas comhgarach do na bhárr tá an leac. i n-a seasamh ar a imeall, a aghaidh ó dheas tá an leac mín réidh a rinn gnaithe do leic an Aifreonn. Tá an leac seo timcheall ceithre h-ordlaigh déag bealach amháin, agus deich n-orlaigh an bealach eile. Tá cros mhór tógtha fosta os cionn na h-altóra le h-órdú an Athair Uí Frighil. Ó cuireadh bail ar an Scálán seo na daoine atá ro-shean le dul go d-tí an teach a'phobail ar an Cheathramha Cheanainn, nó an dream nach bhfuil sé ar a g-cumas dul ann de thairbhe gnaithe toighe ar leith nó na daoine a chaitheas fanacht sa bhaile ón Aifrionn mar gheall ar dhoininn na h-aimsire téidheann siad síos go d-tí an Scalán am éiginteacht i rith an lae agus abrann siad an Páidirín nó urnaighthe eile i n-ionad bheith ar an Aifrionn. Gní na sean-mhná fá Bhaile na Bó seo san am i láthair, agus taisbeánann an gnás an dóchas atá aca gur áit bheannuighte an Scálán go foill.- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- an tAthair Ua Frigil
- Gender
- Male
- Age
- c. 56
- Occupation
- Sagart