School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 201
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear i n-a chomhnuidhe taobh amuigh de Leitir Ceanainn. Domhnall mac na baintreabhaighe a bhí air. Ní rabh lá ar bith nach n-diolfadh sé cárr mónadh.”
(continued from previous page)d'innis sí do Dhomhnall go rabh an capall marbh. Thoisigh Domhnall a bhagairt ar an capall bhán. Nach rabh aon am aici bás a fhághail ach i lar an tSamhraidh. Tháinic Domhnall aníos le n-a mháthair go dtí an cárr agus dubhairt sé má d'imthigh bádaí Thoraighe orrainn, chá n-imtigheann rásaí Dhoire orrainn. Fiachfaidh muid le dóigh eile ar thiomáint na monadh agus chuaidh sé fhéin isteach idir an dá shluighe agus d'iarr sé ar an mháthair an cárr dhingeadh i n-a dhiaidh isteach go Letir Ceanainn. Dhíol sé cárr na mónadh agus nuair a bhí sé ag teacht na bhaile dubhairt sé le n-a mháthair go rabh sí tuirseach agus go dtiománfadh é í i n-a bhaile. Chuaidh siad an dara lá fosta le cárr eile agus bheir na gárdaí air mar go rabh lód mór aige ar an cárr, agus ní dteachaidh siad go Letir Ceanainn níos mo.Seanchaidhe: Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh, Doire Uí Frighil- Collector
- Máighréad Nic Fhionnghaile
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal