Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Donegal
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear i n-a chomhnuidhe taobh amuigh de Leitir Ceanainn. Domhnall mac na baintreabhaighe a bhí air. Ní rabh lá ar bith nach n-diolfadh sé cárr mónadh.

    Bhí fear i n-a chomhnuidhe taobh amuigh de Letir Ceanainn. Domhnall Mac na Baintreabhaighe a bhí air. Ní rabh lá ar bith nach ndiofadh sé cárr mónadh. Nuair a thiocfadh sé 'un an baile lionfadh sé cárr eile fá choinne a bheith ar shiubhail go luath ar maidín. D'fhágfaidh sé an capall amuigh le n-a sáith a bheith ithte aici le h-imtheacht go Letir Ceanainn ar maidín. D'éirigh sé an mhaidín seo, agus chuaidh sé a chuartadh an capaill. Fuair sé ná luighe í a bpoll bachta mónadh agus a cárr fiacla nochtuighthe agus dubhairt sé léithi má tá sé i n-a ádhbhar gáire agat sa níl sé in-a ádhbhar gáire agan sa, go bhfuil mo chárr mónadh le fágháil i Letir Ceanainn, agus shéidh sé uirthi le bata gur chuir sé í in-a suidhe agus gan í a bheith ag gáire air. Ná bhí do luighe suas annseo a shean chapaill bháin, ná chuir mo mháthair deireadh na mine ar an pota anois."
    D'iarr sé uirthi bheith in-a suidhe go rachfadh sí fhéin agus é fhéin go Letir Ceanainn go bhfuighfeadh siad luach na mine. Tháinic sé aníos chuig a mháthair agus d'innis sé di go rabh an capall i n-a luighe agus í ag briseadh a croidhe ag gáire faoi. Chuaidh an mháthair síos go dtí an áit a rabh an capall agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal