School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 476

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 476

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 476
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó. Bhíodh sé i gcónaí ag caitheamh tobac. An lá seo ní raibh aon airgead aige. Bhí sé ag dul go dtí an Baile mór. Nuair a bhí sé ag dul síos an sráid do chonaic sé an diabhail. D'fiafraigh sé den diabhal an dtabharfadh sé scilling do cúmh tobac ceannach. Thug an diabhal dó é.
    Chuaidh sé isteach sa siopa a bhí gairid dó. Thug sé an scilling don bhean a bhí sa tig fé dhéin a tobac. Nuair a fuair sé é d'imig sé amach agus d'fhéach sé isteach sa sporán a bhí aige. Bhí an scilling istigh ann tar éis é thabhairt ar an tobac. Gach aon uair a gheobhadh sé tobac bheadh an scilling istigh ann tar éis é thabhairt ar an tobac. Bhíodh sé d'fhághailt scillinge as san amach go raibh seomrs lán de airgead aige.
    Lá amháin chuaidh sé go hEochaill fé dhéin capall leis an airgead go léir a bhí aige.
    Nuair a chuaidh sé isteach chun an capall a heannach ní raibh aon rud aige ach clocha. Nuair a bhí sé ag dul abhaile chonaic sé an diabhal arís. Dúirt an fear leis go raibh an t-airgead go léir caite aige. Dúirt an diabhal leis go dtabharfadh sé púnt dó. Thug sé dó é. Chuaidh sé isteach sa siopa fé dhéin tobac. Dúirt sé le fear an tsiopa tobac a thabhairt dó. Thug sé dó é. Nuair a bhí sé á chuir isteach sa ina phíopa ní raibh aon tobac ann ach cré. Dúirt sé leis an diabhal gur chré a fuair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ícidhe
    Gender
    Female
    Address
    Grange, Co. Waterford
    Informant
    Pádraig Ícidhe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    48
    Address
    Grange, Co. Waterford