School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 473

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 473

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 473
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt ban ann fadó. Bhíodar araon pósta. Oíche amháin chuaidh duine acu chun an duine a fheiscint. Chonaic sí madra beag bán. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile lean an madra í go dtí a tig féin. Rith sé isteach sa chistin ina dhiaidh.
    Lean sí amach é. An oíche sin fuair an fear bás. Bhí fhios aici gur sprid an madra beag. Bhí ana-eagla uirthi ar fan amach mar ní raibh aoinne sa tig aici.

    SEAN SCEAL
    Bhí tiarna talmhan ann uair. Sé an ainm a bhí air ná Bagge. Bhí sé ina chónaí in Árd Mhóir. Bhíodh sé i gcónaí ana-dhian ar na daoine bochta. Mar a bheadh an chíos aca nuair a thiochfadh sé fé dhéin caithfidh sé amach fé mbóthar iad. Lá amháin bhí sé ag dul go Dúngarbhán. Dúirt sé leo mar a mbeadh an cíos acu nuair a bheadh sé ag teacht abhaile go gcaithfadh sé iad amach san mbóthar.
    Nuair a bhí sé ag teacht abhaile fuair sé bás istigh sa chóiste. Cuireadh in Árd Móir é. Deir na seana daoine nár fhás pioc féir ar a áit a cuireadh é
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ícidhe
    Gender
    Male
    Address
    Grange, Co. Waterford
    Informant
    Pádraig Ícidhe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    48
    Address
    Grange, Co. Waterford