School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 469

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 469

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 469
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in Árd Mhór fadó agus sé an ainm a bhí air ná Henry Bagge. Nuair a fuair sé bás bhíodh a sprid ag dul timpeall ag cur eagla ar gacg aoinne. Do bhí fear ag dul abhaile ó Árd Mhór oíche agus chonaic sé sprid Henry Bagge agus madra beag bán a bhíodh ag Henry i gcónaí nuair a bhí sé beo. Rith an fear abhaile comh mear is a bhí aige. Ní fhaca an fear aon rud go ceann tamaill ach cúpla oíche ina dhiaidh sin chonaic sé tarbh mór agus tine ag teacht as a shúile, Ní fhaca aoinne sprid Henry Bagge ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé go hEochaill lá amháin. Bhí sé dorcha nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Thóg sé amach a phíopa nuair a bhí sé timpeall leath slí abhaile ach ní bhfaigheadh sé lasán d'fháil. Chonaic sé tigín beag tamall uaidh. Chuiadh sé suas go dtí an doras agus buail sé air. Ní fuair sé aon freagra agus sa deire d'oscail sé an doras é féin agus shiúl sé isteach. Bhí an tigh an-dheas istigh ann ach bhí iongadh mar ní raibh aoinne istigh. Bhí tine deas ann. Fuair sé píosa páipéir agus chrom sé síos chun an phíopa a dheargadh. Díreach nuair a bhí sé ag cur an píosa páipéir suas go dtí a phíopa d'airigh sé duine éigin á rá "Och, ochón". Rith sé abhaile com mear agus bhí air le h-eagla. Tamall ina dhiaidh sin d'airigh sé gur bean a bhí ann agus go raibh a fear tar éis bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Cuilliú
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Grange, Co. Waterford