School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 367

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 367

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 367
  3. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó i seadh bhíodh an Gobán so ag imtheacht ar fuaid ns hÉireann a tógaint caislean dos na righte go léir. Agus ga' haon chaisleán a thóg sé bhí an chéad cheann eile a thóg sé ibhfad ní b'fhearr agus ní ba dheise.
    Uair amháin thóg sé caisleán do Rí Laighean. Ansan chuir Rí Mimhan fios air chun caisleán a thógaint do féin, mar nár mhaith leis go mbeadh caisleán ní ba deise ag aoinne eile ná mar a bheadh aige féin.
    Nuair a bhí an caisleán tóicithe aige, "Tá san go breágh" arsaidh an rí. "Ní fheadar an bhfaghfá feabhas a chur ar an gcaisleán san?".
    "Ní bhfaghainn", ars'an gobán "agus ní dóigh liom go bhfaghaidh mé aon ceann eile a dhéanamh go deó arís a bheidh chún deas leis"
    "Dé cúis é sin?" ars'an rí.
    "Bheul", ars'an Gobán, "bhí an obair san chún deas san orm gur dóigh liom go bhfuil mo meabhar is m'inntinn tar éis dul i laige dá bhárr".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Informant
    Michéal Ó Bruadair
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Address
    Ardmore, Co. Waterford