School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 439

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 439

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 439
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    doras thit sé. Tháinigh a bhean amach agus dóbhair ná fuair sí bás ag an doras.
    Chuadar fé dhéin an dochtúra agus nuair a tháinigh sé bhí an fear tar éis bháis.
    Tamall beag ina dhiaidh sin chuaidh an bean go hEochaill agus bhí sé sórt déanach nuair a bhí sí ag teacht abhaile. Chonaic sí sprid ar an mbóthar agus tháinigh eagla uirthe agus rith sí abhaile agus lean an sprid í agus nuair a bhí sí ag dul isteach an geata abhaile thit sí agus fuair sí bás.
    Cuireadh in Árd Mhóir í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean ann fadó agus ní raibh aoinne sa tigh léí ach í féin. Lá amháin bhí beirt chailín ag dul go dtí an siopa agus ní raibh fhios aca an slí agus chuadar isteach go dtí an bhean seo.
    Dúirt an bhean leo dul isteach agus dul suas go dtí an tine. Chuadar isteach agus tar éis tamaill chuaidh sí síos go dtí an siopa leo agus dúirt sí leo gan a bheith i bhfad istigh ag an siopa mar bhí sé ana-dhéanach. Nuair a bhíodar tar éis teacht amach ón
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Mheachair
    Gender
    Female