School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 426

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 426

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 426
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar maidean agus sa deire do shrois sé a thigh féin agus isteach leis. Do bhí gach aoinne ina chodladh nuair do chuaidh sé isteach agus do las sé an tine agus do dhein sé té dó féin.
    Nuair do bhí sé sin ólta aige do thóg sé an choineall do bhí ann agus chuaidh sé suas sa seomra. Do bhí a mhac ba shinne tar éis fás ina fear an uair sin agus do bhí sé ina luí gairid don a mháthair.
    Ní raibh a fhios ag an bhfear eile gurbh é seo a mhac agus do shíl sé go raibh a bean tar éis pósadh arís. Do fuair sé tuagh agus do bhí chun a mhac do mharú ach ansan do chuimhnigh sé ar an comhairle do fuair sé. Do dhúisigh sé gach duine annsan. "Tar anseo" arsa sé "tabharfaidh mé bhúr suipéar dhíbh pé scéal". Do thóg sé an cáca do fuair sé agus do bhí á gearradh agus má bhí sé á gearradh do bhí na sovereigns ag titim amach. Ceann agus fiche acu. Tuarastal trí bliaina. Do bhíodar go maith as ansan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí feirmeoir ann fadó agus do bhí an-chuid earrach aige agus do bhí fear aige ag tabhairt aireachais dóibh. Fear an-mhaith ab eadh é agus pé rud a dúirt sé riamh ní bhfuair aoinne amach ina dhiaidh go raibh sé ag innsint éithigh. Do bhí cailín óg ar an áit agus dúirt sí léi féin go raghadh sí chun feiscint an bhfuigheadh sé é do d'iompódh chun a bheith ag innsint éithigh.
    Do chuaidh sé chuige agus d'iarr sí air ceann des na h-uain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0889: The Faithful Servant
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Treó
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    Grange, Co. Waterford