School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 440
- XML “Scéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siopa bhí an bhean ag freach leo.
Chuadar abhaile ansan agus nuair a bhíodar gairid don tigh an bhean léim sé mar liarthóid tine suas san aer.
Fuair ceann des na cailíní bás san bóthar leis an eagla agus rith an chailín eile abhaile agus níor chuaidh sí go dtí an siopa go deo arís.
Bhí sprideanna ag imeacht timpeall gach aon oíche as san amach. - Bhí feirmeoir ann fadó agus ní bhfuighbheadh sé aon im a dhéanamh.
Tháinigh buachaill isteach chuige lá agus rinne sé aimsear leis. Dúirt an feirmeoir leis ná fuighbheadh sé aon im a dhéanamh as a chuid bainne. Fuair an buachaill soc agus chuir sé isteach sa tine é agus d'fhág sé ann é go dtí go raibh sé dearg. Chuaidh sé amach agus fuair sé píosa bata agus tháinigh sé isteach arís. Thóg sé amach an soc agus bhí sé ag ceangail an bata timpeall air agus ní raibh sé i bhfad nuair do d'airigh(continues on next page)- Collector
- Seumas Moinbhéal
- Gender
- Male