School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 443

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 443
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sé ag cuimhneamh ar na sprideanna agus nuair a bhí sé ag dul thar an lios léim asal amach agus lean sé an fear. Do scréach an fear agus d'airigh na daoine é. Nuair a thángadar amach bhí an fear caite ar an mbóthar. Thógadar isteach é go dtí an tig agus bhí sé tinn go ceann cúpla seachtain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair ag firmeoir. Dúirt an feirmeoir leis dul go dtí an aonach le bó. Do chuaidh an fear agus ní raibh sé i bhfad ar an aonach nuair a tháinigh ceannathóir chuige agus cheannaigh sé an bó uaidh.
    Nuair a fuair an fear an t-airgead do chuaidh sé isteach agus d'ith sé a bhricfást.
    Nuair a bhí an bhricfást ithe aige chuaidh sé ag ól agus do fhan sé ag ól go dtí go raibh sé ar meisce. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonaic sé fear le capall díalaithe. Do bhí an fear chun an t-airgead a thógaint uaidh. Dúirt sé leis an fear a bhí ar meisce a airgead a bhí aige a caitheamh amach ar an mbóthar.
    Do chaith an fear amach ar an mbóthar é agus thosnaigh an fear eile á phioca suas.Nuair do chrom an fear síos do léim an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seumas Móinbhíal
    Gender
    Male