School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 466

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 466

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 466
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”
  5. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus téigh sé ag imirt cártaí gach aon oíche.
    An oíche seo bhí sé ana-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus chuaidh sé treasna na páirce. Chonaic sé sprid mhór ag dul timpeall na páirce. Tháinigh an-eagla air agus rith sé abhaile comh mear agus a bhí aige.
    An oíche sin fuair a mháthair bás. Níor chuaidh an fear ag imirt cártaí riamh ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Oíche amháin shuí sé féin agus a bhean cois tine. I lár na hoíche d'oscail an doras agus tháinigh madra mór dubh isteach agus ní rabhadar ábalta é a chur amach. Bhíodh sé mar a chéile gach aon oíche.
    Téigheadh an fear agus a bhean a codladh luath gach aon oíche as san amach mar bhí a fhios aca gurbh é an diabhail a bhíodh ag teacht isteach gach aon oíche.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Do bhí bean ann fadó agus chuaidh sí ag féachaint ar na ba gach maidin.
    Do chonaic sí an fear beag ag dul i meacs na mba agus caipín dearg air. Do tháinigh eagla uirthi agus rith sí abhaile agus dúirt sí leo an rud a chonaic sí.
    Bhí ór i bpáirc a bhí gairid don tigh agus dúirt an t-athair leis an dhá mhac teacht leis an oíche seo. Do chuaidheadar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Chuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Grange, Co. Waterford