School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 467

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 467

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 467
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    oíche seo agus shíl an bhean gur ag imirt cártaí a bhíodar.
    Bhí sé an-dhéabach nuair a chuaidh an bhean a codladh agus ní raibh an fear agus a dhá mhac tar éis teacht abhaile. Do bhí sí sa leaba tamall bheag nuair do chonaic sí an sols timpeall gach aon áit. Do léim sí amach as an leaba agus chonaic sí solas beag sa pháirc. Do rith sí amach agus do chuaidh sí go dtí an solas agus cá bheadh ann ach an fear agus an dhá mhac agus poll mór déanta aca. Dúirt sí leo teacht abhaile go mear.
    Do chuaidheadar agus nuair a thángadar isteach thit an bhean agus bhí sí ann-tinn ar feadh tamaill agus ansan bhí sé go maith agus chuaidh sí a codladh. Dúirt an t-athair ná raghaidís ag lorg an óir níos mó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus théigheadh sé ag ól gach aon oíche. Ní raibh aon athair aige agus bhí a mháthair an-bhocht. Bhí an bhean bocht cráidhte aige.
    Ní raibh aon airgead aige féin ach bhíodh sé ag ghoid óna mháthair. An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus chonaic sé sprid. Dúirt an sprid leis dá mbeadh sé ag goid airgid ón a mháthair nó ag ól go marbhófaidhe é nuair a bheadh sé ag teacht abhaile ón tig ósta.
    Níor chuaidh an fear ag ól ná ag goid as sin amach. Fuair sé post maith i mBaile Átha Cliath agus thugadh sé leath den a airgead a theibheadh sé gach aon mhí dá mháthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Chuilliú
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Grange, Co. Waterford