School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 428

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 428

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 428
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ina chónaí i gCo. Cill Choinnigh fadó. Do bhí sé an-shaibhir agus do bhí tigh breá aige. Ní raibh aoinne cloinne aige agus do bhí a mhuinntir go léir tar éis bháis.
    Nuair do fuair sé bás níor d'fhág sé an áit aige aoinne agus do theigheadh fir óga isteach ann gach aon oíche ag imirt cártaí. Gach aon oíche nuair a bhídís tamall ag imirt thagadh sprid isteach. D'fhanadh sé tamall ag féachaint ortha agus ansan théigheadh sé suas sa seomra.
    D'airigh buachall óg ón áit mar gheall ar an sprid seo agus dúirt sé leis na fir óga ná raibh aon mhaith ionnta gan dul suas tar éis an sprid agus dúirt sé go raghadh sé féin. An chéad oíche eile do chuaidh sé leo agus nuair a bhíodar tamall ag imirt do tháinigh an sprid isteach. D'fhan sé tamall ag féachaint ortha agus nuair do bhí sé ag dul suas sa seomra do chuaidh an buachaill suas ina dhiaidh.
    Nuair do bhí sé tamall thuas do d'airigh an chuid eile fothrom éigin agus nuair do chuadar suas do fuaireadar an buachall tar éis báis. Níor chuadar ag imirt cártaí ansan riamh ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Female
    Age
    Over 70
    Address
    Grange, Co. Waterford