Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
Grange, Co. Waterford
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go dtí sochraid agus bhí capall dialaithe aige. Bhí sé an-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
    Bhí tigh ósta ar an áit agus chuaidh sé isteach agus d'fhan sé ag ól go dtí go raibh sé an-dhéanach.
    Tháinigh sé amach agus chuaidh sé in áirde ar an gcapall agus bhí sé ag imeacht leis agus chonaic sé cú istig sa díagh. Do lean an chú é agus léim sé in áirde ar an gcapall agus rith sé chun siúl. Nuair do throis sé abhaile chuir sé an chapall isteach sa stábla.
    Do chuaidh an fear isteach agus chuaidh sé a codladh agus nuair d'éirigh sé ar maidin bhí an capall tar éis bháis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seumas Moinbhíal
    Inscne
    Fireann
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-eaglach.
    Chuaidh sé go hEochaill lá agus bhí sé an-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Chuaidh sé isteach go tigh ósta agus bhíodar ag ól agus ag imirt cártaí. Nuair a bhí sé chun teacht abhaile d'fhéach sé ar an gclog agus bhí sé dá bhuille dheug. Bhí sé ag teacht leis go dtáinigh sé go dtí lios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.