School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 419

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 419

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 419
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ann fadó agus lá amháin do chuaidh sé ag briseadh bataí sa choill.
    Ar maidin nuair a bhí sé ag imeacht dúirt sé lena bhean nach b headh sé ag teacht abhaile in aon chor chun a dhinnéir agus dúirt sé léi a chur chuige. Chuir sí duine des na cailíní chuige.
    Ní bhfuigheadh sí a slí a dhéanamh amach agus chuaidh sí amú. Bhí sí ag imeacht léithe agus chuaidh sí isteach go dtí tigh. Fear a bhí ina chónaí sa tigh seo agus ní raibh aoinne leis. Thug sé rud éigin le n-ithe di. Nuair do bhí sé ithe aici dúirt sé léi dul a codladh agus chuaidh sí. Nuair a bhí sí ina codladh i lár na h-oíche marbhuigh sé í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirighéadh Paor
    Gender
    Female
    Address
    Grange, Co. Waterford
    Informant
    Pádraig Paor
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    49
    Address
    Grange, Co. Waterford
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Lá amháin thit a bhean tinn agus chuaidh sé fé dhéin an dochtúra.
    Tháinigh an dochtúir agus dúirt sé nach raibh aon rud ar an bean ach gur fuacht a bhí aici. Ansan nuair a bhí sé ag dul abhaile leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.