School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 450

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 450

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 450
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sagart ann fadó agus do bhí sé ag dul in áit éigin. Tháinigh an oíche air agus do chuaidh sé amú agus do chuaidh sé isteach i gcoill.
    Do chonaic sé solas agus do rinne sé air. Do bhí tig beag ann agus do chuaidh sé isteach. Ní fhaca sé aoinne ach d'airig sé sean daoine ag gearán. Is gairid gur tháinigh fear isteach. Níor labhair sé focal. Do dhein sé suas tine. D'ullmhuigh sé bia, ansan do thug sé dá athair agus dá mháthair é. D'ullmhuigh sé bia dó féin agus don sagart. Do labhair sé ansan agus dúirt sé ná raibh aon am aige labhairt leis go mbeadh an méid sin déanta aige.
    Dúirt sé go raibh sé anseo le fada agus ná raibh aon slí eile a choiméadfadh sé athair agus a mháthair ach a bheith ag goid. I rith na h-oíche fuair na sean daoine bás.
    Nuair a tháinigh an maidin do chuireadar iad. Dúirt an fear ná raghadh sé a goid a thuille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Stilwell
    Gender
    Male