School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí an Gobán Saor agus a mhac ag dul i bhfad ó bhaile lá agus nuair a bhí tamall maith den bóthar curtha díobh "giorraigh an bóthar dúinn" arsa sé.
Ó más mar sin tá an scéal agat" arsa an Gobán "tá sé chún maith casadh" agus chuadar abhaile.
An lá ina dhiaidh sin chuadar chun bóthar arís. D'imigheadar leo ar a mbog sodar go raibh chuid mhaith den bhóthar curtha díobh.
"Giorraigh an bóthar dúinn a mhic" arsa an Gobán.
"Chonus a gheobhainn an bóthar a giorrú" arsa an mac.
Ó más mar sin tá an scéal tá sé chún maith casadh abhaile arís" arsa an Gobán. Agus chuadar.
Bhí mac an Ghobáin pósta le bean cruinn agus nuair a chuadar abhaile an tara huair d'fiafraigh sí de dé cúis a bhíodar ag casadh abhaile mar sin.
D'inis sé di conaic mar a bhí. "Bheul" arsa sí "is mór an t-amadán tú. Dé chúis nár inis scéal éigint dó. Sin a bhfuil uaidh".
Bhí sin go maith agus ní raibh go holc.(continues on next page)- Informant
- Michéal Ó Bruadair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Unknown
- Age
- c. 60
- Address
- Ardmore, Co. Waterford