School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 386

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 386

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 386
  3. XML “Long a Bádh”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí long ag teacht ó áit éigin i Sasna roinnt mhaith blianta ó shoin. Gual a bhí innte agus ag dul go dtí áit éigin i gCorcaigh do bhí sí. Do bhí an gaoth anoir agus níor bhfada gur d'éirigh stoirm.
    Tá bádh Áird Mhóire an-oiscailte ar an ghaoth anoir agus nuair a bhíodar ag gabháil that an áit do bhí an gaoth ró-láidir dóibh agus do caitheadh an long isteach. Do chuir na daoine a bhí innte 'rockets' suas chun cabhair do fhabháil ó mhuinntear na h-áite.
    Do chuaidh sagart óg, an t-Athair Ó Seadha agus cúpla fear eile amach i mbád beag. Do thógadar isteach cúpla duine acht do fuaireadar go léir bás agus do cuireadh in Árd Mór iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Male
    Age
    Over 70
    Address
    Grange, Co. Waterford
  2. Do bhí fear ann fadó agus do bhí sé an-bhocht. Ní raibh aon rud le dheanamh aige agus do chuaidh sé ag troid mar saighdiúr. Níor bhfada ina dhiaidh sin gur cuireadh scéal go dtí a mhuintir go raibh sé marbh. Do bhíodh a sprid ag imeacht timpeall gach aon oidhche agus do bhí sé ag cur eagla ar gach duine. Aon oidhche amháin pé scéal é do thóg fear ón áit a ghunna amach agus do caith sé piléir leis an sprid. Annsan dubhairt an sprid leis an fear gur piléir a mharbh é agus ná raibh sé aon mhaith dó bheith ag caitheamh leis a thuille
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.