Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 476
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó. Bhíodh sé i gcónaí ag caitheamh tobac. An lá seo ní raibh aon airgead aige. Bhí sé ag dul go dtí an Baile mór. Nuair a bhí sé ag dul síos an sráid do chonaic sé an diabhail. D'fiafraigh sé den diabhal an dtabharfadh sé scilling do cúmh tobac ceannach. Thug an diabhal dó é.
Chuaidh sé isteach sa siopa a bhí gairid dó. Thug sé an scilling don bhean a bhí sa tig fé dhéin a tobac. Nuair a fuair sé é d'imig sé amach agus d'fhéach sé isteach sa sporán a bhí aige. Bhí an scilling istigh ann tar éis é thabhairt ar an tobac. Gach aon uair a gheobhadh sé tobac bheadh an scilling istigh ann tar éis é thabhairt ar an tobac. Bhíodh sé d'fhághailt scillinge as san amach go raibh seomrs lán de airgead aige.
Lá amháin chuaidh sé go hEochaill fé dhéin capall leis an airgead go léir a bhí aige.
Nuair a chuaidh sé isteach chun an capall a heannach ní raibh aon rud aige ach clocha. Nuair a bhí sé ag dul abhaile chonaic sé an diabhal arís. Dúirt an fear leis go raibh an t-airgead go léir caite aige. Dúirt an diabhal leis go dtabharfadh sé púnt dó. Thug sé dó é. Chuaidh sé isteach sa siopa fé dhéin tobac. Dúirt sé le fear an tsiopa tobac a thabhairt dó. Thug sé dó é. Nuair a bhí sé á chuir isteach sa ina phíopa ní raibh aon tobac ann ach cré. Dúirt sé leis an diabhal gur chré a fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ícidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ícidhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge