School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 396
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeoir ina chónaí gairid do Chill Choinnig fadó.
    Bhí tigh breá mór aige ach ní raibh aoinne cloinne aige.Lá amháin fuair sé bás obann agus níor fhág sé an feirm ag aoinne.
    Cuireadh é pé scéal é agus ní raibh a fheirm ag aoinne ach thagadh fir óga isteach ag imirt cártaí ann.
    Gach aon oíche nuair a bhídís ag imirt thagadh sprid isteach. D'fhanadh sé cúpla nóiméad ag féachaint ortha agus théigheadh sé suas san seomra ansan.
    Tar éis tamaill théigheadh na fir suas ins an seomra ach ní bhíodh aoinne ann. Bhíodh sé mar a chéile gach oíche.
    Tar éis tamaill d'airigh buachaill óg ó an áit é. Dúirt sé leis na fir go raghadh sé féin leo an chéad oíche eile a bheidís ag dul ann. Chuaidh sé leótha an chéad oíche eile. Tar éis tamaill tháinigh an sprid isteach.
    D'fhan sé ag féachaint ortha cúpla nómaint agus chuaidh sé suas sa somra. Chuaidh an buachaill suas ina dhiaidh. Bhíodar thuas cúple neomat nuair a chuaidh na siolse go léir as. Lasadar na lampaí agus chuadar suas sa seomra agus bhí an buachaill caite ar an úrlár agus bhí sé tar éis bháis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Cuilliú
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Grange, Co. Waterford