Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 396
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeoir ina chónaí gairid do Chill Choinnig fadó.
Bhí tigh breá mór aige ach ní raibh aoinne cloinne aige.Lá amháin fuair sé bás obann agus níor fhág sé an feirm ag aoinne.
Cuireadh é pé scéal é agus ní raibh a fheirm ag aoinne ach thagadh fir óga isteach ag imirt cártaí ann.
Gach aon oíche nuair a bhídís ag imirt thagadh sprid isteach. D'fhanadh sé cúpla nóiméad ag féachaint ortha agus théigheadh sé suas san seomra ansan.
Tar éis tamaill théigheadh na fir suas ins an seomra ach ní bhíodh aoinne ann. Bhíodh sé mar a chéile gach oíche.
Tar éis tamaill d'airigh buachaill óg ó an áit é. Dúirt sé leis na fir go raghadh sé féin leo an chéad oíche eile a bheidís ag dul ann. Chuaidh sé leótha an chéad oíche eile. Tar éis tamaill tháinigh an sprid isteach.
D'fhan sé ag féachaint ortha cúpla nómaint agus chuaidh sé suas sa somra. Chuaidh an buachaill suas ina dhiaidh. Bhíodar thuas cúple neomat nuair a chuaidh na siolse go léir as. Lasadar na lampaí agus chuadar suas sa seomra agus bhí an buachaill caite ar an úrlár agus bhí sé tar éis bháis.- Bailitheoir
- Peig Ní Cuilliú
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge