Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 408
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear síos ins an tráigh oíche ag bailiú trioscair.
I lár na h-oíche do lean sprid é. D'fhiafraigh sé de cá raibh sé ina chónaí agus dúirt sé leis. Ansan d'imigh an sprid agus nuair a bhí an fear ag dul abhaile do bhí an sprid istigh i lár an mhaca roimhe.
Do lean sé isteach sa chistin é agus ní bfhuigeadh sé aon rud a dhéanamh leis. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair an fear bás. - Do bhí gabha mór agus gabha beag ann uair. Bhí dhá bhó ag an gabha mór agus ní raibh aon bhó ag an fear eile.
Chuaidh an gabha mór go dtí an aonach lá agus nuair a bhí sé imithe do tháinigh na ba isteach i bpáirc an ghabha eile agus do mharbhuigh sé iad.
D'ith sé an fheoil agus do dhíol(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Mhaólchatha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolchatha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge