Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 450
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sagart ann fadó agus do bhí sé ag dul in áit éigin. Tháinigh an oíche air agus do chuaidh sé amú agus do chuaidh sé isteach i gcoill.
Do chonaic sé solas agus do rinne sé air. Do bhí tig beag ann agus do chuaidh sé isteach. Ní fhaca sé aoinne ach d'airig sé sean daoine ag gearán. Is gairid gur tháinigh fear isteach. Níor labhair sé focal. Do dhein sé suas tine. D'ullmhuigh sé bia, ansan do thug sé dá athair agus dá mháthair é. D'ullmhuigh sé bia dó féin agus don sagart. Do labhair sé ansan agus dúirt sé ná raibh aon am aige labhairt leis go mbeadh an méid sin déanta aige.
Dúirt sé go raibh sé anseo le fada agus ná raibh aon slí eile a choiméadfadh sé athair agus a mháthair ach a bheith ag goid. I rith na h-oíche fuair na sean daoine bás.
Nuair a tháinigh an maidin do chuireadar iad. Dúirt an fear ná raghadh sé a goid a thuille.- Bailitheoir
- Pádraig Stilwell
- Inscne
- Fireann