School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 354

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 354

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 354
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bealtaine.
    Deantar cleamhnaisí annseo agus ar oidhche an chleamhnais is iondamhail go dtéigheann an fear atá ag iarraidh na mná go teach na mná óg agus bíonn páirtí leis. Bíonn buidéal uisge beatha leis. Nuair a bhíonns tamaill caithte ag ól iarrtar an bhean don athair agus annsin socruigheann siad cé bí spré atá lé fágail ag an gcailín óg. Geibheann sí stoc agus airgead mar spré.
    I bpósaidhthe na sean-aimsire bhíodh coisire acú. Bainfheis a tugtaoi air. Idteach an chailín a bhíodh an bhainfheis. Ní phósfadh siad nó go mbeadh sé measardha mall sa trathnóna agus go díreach taréis an phósadh théighidís isteach idteach an óil agus d'fhanaidís ann feadh tamaill ag ól agus ag rinnce.
    Théigheadh siad go teach an chailín annsin in áit a mbíodh neart muicfheola, caoirfheola, mairtfheola, géadha agus chuile shórt. Is poitín a bhíodh acú lé n-ól fadó idteach na bainfeise. Is é an buachaill féin a gheibheadh an t-ól agus d'iocadh muinntir an chailín as an suipéar. Do leanfadh an bainfheis go minic go lá'r na bhárach.
    Timcheall agus a meadhon-oidhche thagadh na cleamhnairí go dtí teach na bainfheise. Siad san suas lé fiche duine do bhuachaillibh gléasta i léinteachaibh geala peiticóta mná. Bhíodh hataí árda deanta do chocain, seagal ortha anuas go dtí gualannaibh ortha i dtreo is ná n-aitheochadh duine ar bith iad. Bhíodh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Gamhnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Uí Chonmhacháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    81
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Gaoth Sáile, Co. Mayo