School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 336
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Se Dubh Airc ainm an bhaile a bhfuil comnuidhe orm. Tá dhá sgór go leith dhe thighthe ann - seacht gcinn cluduighthe le slinn. Ta an chuid eile cluduighthe le iarann acht amháin cupla cinn atá ina a measg cluduighthe lé tuighe.Tá cúigear sean-daoine ann ós cionn seachtmhadh bliadhain d'aois agus is uatha sin a gheobhair na sgéaltaí agus an seanchas faoí na daoine a mhair ins an tsean-aimsear. Tá áiteanna ann in a raibh tighthe ag daoine fadó a bhfuair bás leis an ngorta agus cuid eile a chuaidh go Americá agus nár fhill ar ais ó shoin.
    Talamh sleibhteach is mó atá ins an mbaile seo agus dá bhrigh sin níl sé ró-mhaith le h-aghaidh curaideóireacht. Tá duaithe gainimhe cois na farraige mhór isteach go dtí an duaithe nuair atá sé in a áirde mara. Is deas an rud suibhal ar an tráigh lá breagh samhraidh a bheith a piocadh ruacain nó bheith ag bádóireacht.
    Tá Loch-a-Druim mhór cómhgarach don baile. Ta oileán beag istigh in a lár agus ta crainn beaga deasa ag fás ann. deir na sean-daoine nach ceart iad a bhaint. Tá go leór fraoch ag fás ann agus uair amháin, bhain iascaire cuid de agus rinne sé potai gliomaigh acht ní féidir leó aon gliomach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Dumha Dhearc, Co. Mayo
    Collector
    Nóra Ní Guidhir
    Gender
    Female
    Informant
    Beartlí Ó Cuideagáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo