School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gweesalia, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Filter stories

Back
/ 384 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sa tsean aimsear bhí dúnta na sídheog níos líonmhaire a fud na tíre agus cífeadh na daoine iad go minic. Bhí teach déanta ag fear úair amháin gar do chnoc agus bhí dún na sidhe ar an gcnoc. Bhí go leór bá ag an bhfear seo agus fúair ceann acú bás agus cuireadh í.
Gach lá thagadh sí go dtí an pairc in a mbíodh a ghamhain ag ithe agus dimtheocadh sí arís gan mórán móille. Sa deireadh chonnaic an fear í agus dúbhairt sé go leanfaidh sé í go bhfeicfeadh sé cén áit a racadh sí. Bhí go maith thosuigh san bó ag rith agus choinnigh an fear súas léithí go dtí gur thangadar go dtí an cnoc agus chúaidh an bó isteach tré bearnán a bhí ann agus siúd isteach an fear in a dhiaidh. Chuadar thart lé teach álúinn agus isteach i gclós taobh amuigh don teach.
Bhí fear mór in a sheasamh annsin agus labhair sé go feargach leis agus díarr sé air céard a thug annsin é agus dúbhairt seisean gur lean sé a mhuin. Annsin dúbhairt an fear a bhí in a sheasamh sa gclós narbh í sin a bhó agus dúbhairt seisean gurb í.

(continues on next page)
Collector
Brígid Ní Cuideagáin
Gender
female
Address
Dooyork, Co. Mayo
Informant
Áine Bean Uí Cabaill
Relation
unknown
Gender
female
Age
73
Occupation
feirmeoir
Address
Dooyork, Co. Mayo
Language
Irish