Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 237
- XML “Saibhreas Inbhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chómhnuidhe in Inbhear uair amháin darbh ainm Brian Rúadh agus bhí fios aige, sé sin d'fhéadfadh sé innseacht dhuit rudaí a bhí le teacht. Bhí mac amháin aige agus bhí sé ag brionglóidígh trí huaire go raibh carn mór óir i bhfolach in a leithéid do áit síos ar an dtráigh agus dubhradh leis comh maith a athair a thabhairt leis.Oidhche amháin chuaidh sé féin agus a thair síos agus chúartuigeadar an áit agus fúaireadar pota mór óir thíos i bpoll in aice le cnocán gainimh. Thógadar aníos é agus siúd abhaile leo chomh tapaidh agus a b'féidir leo. Bhíodar ag siubhal gar don fharraige nuair a chonnaic an mac rud éigin ag teacht iseach leis an taoille. Dúbhairt sé lena athair go rachaidís amach go bhfeicidís céard a bhí ann.Amach leo agus céard a déarfadh an mac acht an pota d'fágaint ar an tráigh go dtiocfadh sé isteach. Nuair a bhíodar amuigh d'fiafruigh an t-athair de cár fhág sé é agus dubhairt sé gur fhág sé san áit a bhí an gealach ag taitneamh. 'A a amadáin' ars an t-athair an áit a bhí an gealach ag taitneamh an uair sin, níl sí ag taitneamh ann anois(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígid Ní Cuideagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Cormaic
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo